D’imigh sí go hAlbain i 1947, bhí an cogadh thart. Go Meiriceá a bhí sí fá choinne a dhul, chuaigh sí go Glaschú ar dtús ach d’fhan sí i nGlaschú tamall. Ag obair i dteach feirmeora a bhí sí in Angushire. Bhí na daoine iontach maith di, bhí a cuid béilte aici agus thugadh siad an Aifrinn í Dé Domhnaigh dá mbíodh sé ag cur. Thug sí cuairt ar an teach anuraidh ach bhí siad marbh agus an áit díolta le daoine eile. Ní raibh an obair ró chrua. Bhog sí go Perthshire ansin gur tháinig sí na bhaile in 1956 lena iníon a chur na scoile in Éirinn. Casadh a fear uirthi in Éirinn agus pósadh thall í. Feirmeoireacht a bhí a fear céile, Johnny ag déanamh. | 00:03:50 | |